13 Tharla dúinn díreach de réir an mhínithe a thug sé dúinn; cuireadh mise ar ais i mo phost, ach crochadh an fear eile.”
14 Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.
15 Dúirt Forann le Iósaef: “Rinneadh taibhreamh dom, agus níl aon duine a d'fhéadfadh é a mhíniú; ach tá sé cloiste agam fútsa, nuair a insítear taibhreamh duit, gur féidir duit é a mhiniú.”
16 D'fhreagair Iósaef Forann: “Níl sin ionam. Is é Dia a thabharfaidh freagra fabhrach ar Fhorann.”
17 Dúirt Forann le Iósaef dá bhrí sin: “Sa taibhreamh dom, seo mé i mo sheasamh ar bhruach na Níle.
18 Seo aníos as an Níl seacht gcinn de bha slíoctha méithe agus chromadar ar iníor i measc na luachra.
19 Seo seacht mba eile aníos ina ndiaidh, truáin loma ghránna, nach bhfaca a leithéid riamh i dtalamh na hÉigipte ar fad.