20 Agus d'alp na ba loma gránna na seacht mba slíoctha méithe.
21 Ach nuair a bhíodar ite acu, níorbh fhéidir le haon duine a rá go rabhadar ite acu, mar bhíodar fós chomh lom is a bhíodar riamh. Ansin dhúisigh mé.
22 Rinneadh taibhreamh eile dom: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin, agus iad faoi bhláth toraidh
23 ach seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha, loiscthe ag an ngaoth anoir.
24 Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D'inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.”
25 Dúirt Iósaef le Forann: “Is mar a chéile iad taibhrimh Fhorainn. D'fhoilsigh Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.
26 Seacht mbliana na seacht mba breátha, agus seacht mbliana na seacht ndiasa fónta; an taibhreamh céanna ceannann atá i gceist.