23 ach seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha, loiscthe ag an ngaoth anoir.
24 Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D'inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.”
25 Dúirt Iósaef le Forann: “Is mar a chéile iad taibhrimh Fhorainn. D'fhoilsigh Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.
26 Seacht mbliana na seacht mba breátha, agus seacht mbliana na seacht ndiasa fónta; an taibhreamh céanna ceannann atá i gceist.
27 Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann.
28 Tá an cás mar a dúirt mé le Forann; thaispeáin Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.
29 Tiocfaidh seacht mbliana mórfhlúirse ar fud críocha na hÉigipte go léir.