24 Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D'inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.”
25 Dúirt Iósaef le Forann: “Is mar a chéile iad taibhrimh Fhorainn. D'fhoilsigh Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.
26 Seacht mbliana na seacht mba breátha, agus seacht mbliana na seacht ndiasa fónta; an taibhreamh céanna ceannann atá i gceist.
27 Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann.
28 Tá an cás mar a dúirt mé le Forann; thaispeáin Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.
29 Tiocfaidh seacht mbliana mórfhlúirse ar fud críocha na hÉigipte go léir.
30 Ach tiocfaidh seacht mbliana gorta ina ndiaidh agus ní bheidh cuimhne ar an bhflúirse go léir i gcríocha na hÉigipte; creimfidh an gorta an tír.