3 Agus seo seacht mba eile gránna loma aníos ón Níl ina ndiaidh; ghabhadar sall agus sheasadar taobh leis na ba eile ar bhruach na Níle.
4 D'ith na ba gránna loma na seacht mba slíoctha méithe. Dhúisigh Forann ansin.
5 Thit a chodladh air arís agus rinneadh taibhreamh eile dó: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin agus gach dias díobh faoi bharr blátha agus toraidh.
6 Agus seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir agus
7 shlugadar na seacht ndiasa a bhí faoi bharr blátha agus toraidh. Dhúisigh Forann; taibhreamh a bhí aige.
8 Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d'inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d'fhéadfadh é a mhiniú d'Fhorann.
9 Ansin labhair an príomhchornaire le Forann: “Ní foláir dom mo chionta a thabhairt chun cuimhne inniu.