33 Ba chóir d'Fhorann duine críonna ciallmhar a thoghadh agus a chur i bhfeighil thír na hÉigipte.
34 Cuireadh Forann chuige dá bhrí sin agus ceapadh sé feidhmeannaigh os cionn na tíre agus gearradh sé cáin den chúigiú cuid ar thír na hÉigipte le linn seacht mbliana na flúirse.
35 Déanaidís bia go léir na mblianta maithe le teacht a chruinniú agus an t‑arbhar a chur i dtaisce in ainm Fhorainn mar bhia sna cathracha, agus coinnídís é.
36 Beidh an bia sin mar chúl taca ag an tír i gcaitheamh na seacht mbliana gorta atá le luí ar thalamh na hÉigipte. Ní mhillfear ar an gcuma sin an tír de dheasca an ghorta.”
37 D'aontaigh Forann agus a fheidhmeannaigh go léir lena ndúirt sé.
38 Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: “Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?”
39 Agus dúirt Forann le Iósaef: “Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.