35 Déanaidís bia go léir na mblianta maithe le teacht a chruinniú agus an t‑arbhar a chur i dtaisce in ainm Fhorainn mar bhia sna cathracha, agus coinnídís é.
36 Beidh an bia sin mar chúl taca ag an tír i gcaitheamh na seacht mbliana gorta atá le luí ar thalamh na hÉigipte. Ní mhillfear ar an gcuma sin an tír de dheasca an ghorta.”
37 D'aontaigh Forann agus a fheidhmeannaigh go léir lena ndúirt sé.
38 Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: “Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?”
39 Agus dúirt Forann le Iósaef: “Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.
40 Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d'orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.”
41 “Féach!” arsa Forann le Iósaef, “déanaim rialtóir díot ar chríocha uile na hÉigipte,”