36 Beidh an bia sin mar chúl taca ag an tír i gcaitheamh na seacht mbliana gorta atá le luí ar thalamh na hÉigipte. Ní mhillfear ar an gcuma sin an tír de dheasca an ghorta.”
37 D'aontaigh Forann agus a fheidhmeannaigh go léir lena ndúirt sé.
38 Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: “Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?”
39 Agus dúirt Forann le Iósaef: “Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.
40 Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d'orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.”
41 “Féach!” arsa Forann le Iósaef, “déanaim rialtóir díot ar chríocha uile na hÉigipte,”
42 agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.