39 Agus dúirt Forann le Iósaef: “Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.
40 Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d'orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.”
41 “Féach!” arsa Forann le Iósaef, “déanaim rialtóir díot ar chríocha uile na hÉigipte,”
42 agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.
43 Chuir sé ina shuí é sa charbad is fearr aige seachas a charbad féin agus bhíodh na daoine roimhe ag cur na ngártha in airde: “Ar bhur nglúine.” Rinneadh rialtóir de ar chríocha uile na hÉigipte sa tslí sin.
44 “Mise Forann,” arsa Forann le Iósaef, “agus níl cead cos ná lámh ag aon duine ar fud críocha na hÉigipte ach de réir do tholasa.”
45 Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.