48 agus chruinnigh sé gach a raibh de bhia i mblianta na flúirse i dtír na hÉigipte agus chuir i dtaisce é sna cathracha; chuir sé an bia ó na dúichí ina dtimpeall i dtaisce i ngach cathair.
49 Agus thaiscigh Iósaef raidhse mhór arbhair mar ghaineamh na trá, go dtí go ndeachaigh de é a thomhas mar go raibh a thoirt thar tomhas.
50 Rugadh beirt mhac do Iósaef roimh bhliain an ghorta: Ásanat iníon Phóitífeara, sagart On, a bhronn air iad.
51 Thug Iósaef Manaise ar a chéadghin; “mar,” ar sé, “thug Dia orm dearmad a dhéanamh ar mo chruatan go léir agus ar theaghlach m'athar.”
52 Thug sé Eafráim ar an dara mac; “mar,” ar sé, “chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.”
53 Na seacht mbliana flúirse a bhí i dtír na Éigipte, thángadar chun críche,
54 agus thosaigh na seacht mbliana gorta ar theacht mar a bhí ráite ag Iósaef. Bhí gorta i ngach tír ach bhí arán ar fáil ar fud thír na Éigipte go léir.