10 Ach go deimhin féin mura mbeadh an mhoill seo, bheimis ar ais arís um an dtaca seo.”
11 Ansin dúirt Iosrael an t‑athair leo: “Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne.
12 Tugaigí a dhá oiread airgid libh; tugaigí ar ais an t‑airgead a cuireadh i mbéal bhur málaí. B'fhéidir gur dearmad é.
13 Tugaigí libh bhur ndeartháir agus seo libh ar ais chuige siúd.
14 Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.”
15 Thóg na fir an tabhartas ansin: thugadar a dhá oiread airgid leo - agus Biniáimin. Chuireadar chun bóthair agus síos leo go dtí an Éigipt agus isteach i láthair Iósaef.
16 Nuair a chonaic Iósaef Biniáimin faru dúirt sé lena reachtaire: “Beir leat iad seo chun an tí, agus maraigh mart agus cóirigh bia, mar beidh bia acu seo liom um nóin.”