18 tháinig eagla orthusan mar go rabhadar á mbreith go teach Iósaef agus dúradar: “Táthar dár dtabhairt ann de bharr an airgid a cuireadh ar ais inár málaí arbhair an chéad uair; tabharfaidh siad fúinn; ionsóidh siad sinn agus déanfaidh siad daoir dínn agus gabhfaidh siad ár n‑asail mar an gcéanna.”
19 Suas leo dá bhrí sin chun reachtaire Iósaef agus labhair siad leis ar thairseach an tí:
20 “A thiarna,” ar siad, “thángamar anuas an chéad uair chun bia a cheannach.
21 Nuair a shroicheamar mar a rabhamar chun fanacht thar oíche, d'osclaíomar ár málaí agus b'shiúd airgead gach duine i mbéal a mhála, gan pioc de in easnamh; thugamar linn arís é dá bhrí sin,
22 agus thugamar a thuilleadh airgid linn anuas chomh maith chun bia a cheannach. Ní eol dúinn cé chuir ár gcuid airgid inár málaí arbhair.”
23 “Síocháin daoibh; ná bíodh eagla oraibh,” ar sé. “Is é bhur nDia agus Dia bhur n‑athar a chuir an mhaoin in bhur málaí arbhair daoibh. Fuaireas bhur n‑airgead slán iomlán.” Thug sé Simeon amach chucu ansin.
24 Thug an fear isteach i dteach Iósaef iad ansin agus thug uisce chucu; níodar a gcosa; thug sé siúd foráiste dá n‑asail;