2 Nuair a bhí an t‑arbhar a thugadar leo ón Éigipt caite acu, dúirt an t‑athair leo: “Imígí ar ais agus ceannaigí beagán bia duinn.”
3 “An fear úd,” arsa Iúdá leis, “thug sé rabhadh sollúnta dúinn: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’
4 Má scaoileann tú ár ndeartháir inár dteannta, rachaimid síos agus ceannóimid bia duit.
5 Ach mura scaoileann tú leis, ní rachaimidne síos mar dúirt sé siúd: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh, gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’ ”
6 “Cad a ba áil libh,” arsa Iosrael, “a bheith do mo chiapadh mar sin agus a rá leis siúd go raibh deartháir eile agaibh?”
7 D'fhreagraíodar é: “Cheistigh sé siúd sinn go mion inár dtaobh féin agus i dtaobh ár muintire, á rá: ‘An maireann bhur n‑athair? An bhfuil deartháir eile agaibh?’ Sin é an fáth a dtugamar an t‑eolas dó. Conas a bheadh a fhios againn ar aon chor go ndéarfadh sé: ‘Tugaigí bhur ndeartháir anuas libh’?”
8 Dúirt Iúdá lena athair Iosrael: “Scaoil an buachaill liomsa, agus cuirimis chun bóthair agus imímis linn chun nach bhfaighimis bás ach maireachtáil beo - sea sinne agus tusa agus ár muirear go léir chomh maith.