28 “Tá do shearbhónta, ár n‑athair, ar fónamh,” ar siad, “agus maireann sé fós”; agus chromadar a gceann agus rinneadar umhlaíocht dó.
29 D'fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; “An é seo,” ar sé, “an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.”
30 Ansin amach le Iósaef láithreach mar gur tháinig tocht ar a chroí nuair a chonaic sé a dheartháir, agus bhí na deora ag bagairt air. Isteach leis ina sheomra agus ghoil sé ansiúd.
31 Ansin nigh sé a aghaidh agus tháinig amach; ansin, agus greim ar a chroí aige, dúirt sé: “Dáiltear an bia.”
32 Dáileadh a chuid air leis féin agus orthusan leo féin; agus na hÉigiptigh a chaith bia leo, dáileadh orthu leo féin mar ní féidir leis na hÉigiptigh bia a chaitheamh le hEabhraigh - is gráin dearg leo é sin.
33 Cuireadh chun boird iad os a chomhair, an sinsear de réir a shinsearachta agus an sóisear de réir a shóisearachta; d'fhéach na fir ar a chéile le hionadh agus le alltacht.
34 Dáileadh bia orthu ansin ina chodanna ó bhord Iósaef, ach an chuid a cuireadh chun Biniáimin ba mhó faoi chúig í na cuid aon duine eile díobh. D'óladar fíon ina theannta go rabhadar súgach.