1 Ansin thug [Iósaef] ordú dá reachtaire: “Líon málaí na bhfear,” ar sé, “de bhia, oiread agus is féidir dóibh a iompar, agus cuir airgead gach duine i mbéal a mhála;
2 agus cuir mo chorn, an ceann airgid, i dteannta airgead a arbhair, isteach i mbéal mhála an té is óige acu.” Rinne sé mar a dúirt Iósaef leis.
3 Lá arna mhárach le breacadh an lae seoladh na fir chun siúil agus a n‑asail leo.
4 Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: “Bí amuigh,” ar sé, “agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: ‘Cad chuige daoibh an t‑olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?]
5 Nach as seo a ólann mo thiarna, agus nach leis a dhéanann sé fáistine? Is olc an beart é sin déanta agaibh!’ ”
6 Nuair a tháinig seisean suas leo labhair sé mar sin leo.
7 Dúradar leis: “Cen fáth go labhraíonn tú mar sin, a mháistir? I bhfad ó do shearbhóntaí a leithéid de bheart a dhéanamh!