11 Ansin leag gach duine a mhála ar an talamh gan mhoill agus d'oscail gach duine a cheann féin.
12 Rinne sé iad a chuardach, ag dul ón sinsear go dtí an sóisear agus fuarthas an corn i mála Bhiniáimin.
13 Stróic siad a gcuid éadaigh, chuir gach duine a ualach ar a asal agus ar ais leo chun na cathrach.
14 Nuair a shroich Iúdá agus a dheartháireacha teach Iósaef, bhí sé ansiúd fós; shléachtadar síos go talamh roimhe.
15 Dúirt Iósaef leo: “Cad é seo atá déanta agaibh? Nach bhfuil a fhios agaibh gur fear feasa mo leithéidse?”
16 “Cad tá le rá againn leat, a thiarna?” arsa Iúdá, “cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.”
17 “Nár lige Dia go ndéanfainn a leithéid! Ní bheidh ina dhaor agam ach an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh. Maidir libhse, téigí ar ais slán folláin chun bhur n‑athar.”