16 “Cad tá le rá againn leat, a thiarna?” arsa Iúdá, “cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.”
17 “Nár lige Dia go ndéanfainn a leithéid! Ní bheidh ina dhaor agam ach an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh. Maidir libhse, téigí ar ais slán folláin chun bhur n‑athar.”
18 Ansin chuaigh Iúdá suas chuige agus dúirt: “A thiarna, impím ort, lig do do shearbhónta focal a chur i do chluais le do thoil; agus ná las le fearg chun do shearbhónta, óir is cosúil le Forann féin tusa.
19 Chuir tú ceist, a thiarna, ar do shearbhóntaí: ‘An bhfuil athair nó deartháir agaibh?’
20 Agus dúramar le d'onóir: ‘Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.’
21 Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Tugaigí chugam anuas é go bhfeicfidh mé le mo shúile cinn é.’
22 Ansin dúramar le d'onóir: ‘Ní féidir don mhac a athair a fhágáil mar má fhágann sé a athair ansin, gheobhaidh a athair bás.’