20 Agus dúramar le d'onóir: ‘Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.’
21 Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Tugaigí chugam anuas é go bhfeicfidh mé le mo shúile cinn é.’
22 Ansin dúramar le d'onóir: ‘Ní féidir don mhac a athair a fhágáil mar má fhágann sé a athair ansin, gheobhaidh a athair bás.’
23 Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Mura dtaga an deartháir is óige agaibh anuas in éineacht libh ní fheicfidh sibh mo ghnúis níos mó.’
24 Nuair a d'fhilleamar ar ár n‑athair, do shearbhónta, d'insíomar dó a raibh ráite agat, a thiarna.
25 Agus nuair a dúirt ár n‑athair: ‘Imígí arís agus ceannaigí beagán bia dúinn,’
26 dúramar: ‘Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.’