31 titfidh an t‑anam as nuair a fheicfidh sé nach bhfuil an buachaill inár dteannta; agus seolfaidh do shearbhóntaí síos go Seól ár n‑athair, do shearbhónta, agus a cheann liath faoi ualach bróin.
32 Chuaigh do shearbhónta, más ea, i mbannaí leis an mbuachaill i láthair m'athar, á rá: ‘Mura dtuga mé ar ais chugat é, bíodh a mhilleán sin ormsa ar feadh mo shaoil i láthair m'athar.’
33 Anois dá bhrí sin, impím ort, lig do do shearbhónta fanacht ina dhaor ag mo thiarna, agus scaoil an buachaill ar ais lena dheartháireacha.
34 Conas a d'fhéadfainnse dul ar ais ag triall ar m'athair agus gan an buachaill i mo theannta? Ní ligfeadh eagla dom a bheith ag faire ar an ainnise a thiocfadh sa mhullach ar m'athair.”