11 Truaillíodh an talamh i bhfianaise Dé agus líonadh é d'fhoréigean.
12 D'fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh.
13 Dúirt Dia le Naoi: “Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d'fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo.
14 Déan áirc duit féin de chrann gófar; déan seomraí inti agus cuir brat pice uirthi laistigh agus lasmuigh.
15 Seo é an tomhas ar a ndéanfaidh tú í: Fad na háirce trí chéad banlámh; a leithead caoga banlámh, agus a hairde deich mbanlámh fichead.
16 Déan díon don áirc agus é banlámh ina stuaic. Cuir doras na háirce ina taobh; déan trí boird inti: bord íochtair, bord láir agus bord uachtair.
17 Féach, tabharfaidh mé díle liom agus seolfaidh mé na huiscí ar an talamh chun an uile fheoil faoin spéir ina bhfuil anáil na beatha a scrios; caillfear a bhfuil ar talamh.