6 Ghabh aithreachas an Tiarna de bhrí go ndearna sé an duine ar an talamh agus ghoill sé air ó chroí.
7 Agus dúirt an Tiarna: “Scriosfaidh mé de dhroim na talún an duine a chruthaigh mé, agus mar aon leis an duine na hainmhithe, na péisteanna agus éanlaith an aeir, óir is aithreach liom a ndéanamh.”
8 Bhí gnaoi an Tiarna ar Naoi.
9 Dála Naoi anseo:Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia.
10 Agus ghin Naoi triúr mac, Séam, Hám agus Iáfat.
11 Truaillíodh an talamh i bhfianaise Dé agus líonadh é d'fhoréigean.
12 D'fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh.