15 Chuaigh isteach san áirc le Naoi cúpla ar chúpla de gach feoil ina bhfuil anáil na beatha.
16 Chuaigh isteach, más ea, fireannach agus baineannach den uile chineál is feoil, mar a d'ordaigh Dia dó. Agus dhún an Tiarna an doras ar Naoi.
17 Mhair an díle daichead lá ar an talamh. Mhéadaigh ar na huiscí agus d'ardaíodar an áirc agus tógadh suas os cionn na talún í.
18 Bhorr agus d'at na huiscí go tréan agus bhí an áirc ar snámh ar uachtar na n‑uiscí.
19 D'ardaigh agus d'ardaigh na huiscí ar talamh i dtreo gur folaíodh na sléibhte arda go léir faoin spéir.
20 D'éirigh an t‑uisce cúig bhanlámh déag suas thar na sléibhte a d'fholaigh sé.
21 D'éag an uile fheoil dár chorraigh ar talamh - idir éanlaith agus eallach, agus ainmhithe allta agus na dúile go léir a shníonn ar talamh, agus na daoine go léir.