8 Na hainmhithe glana agus neamhghlana, an éanlaith agus gach a sníonn ar talamh,
9 chuaigh dhá cheann de gach cineál díobh, fireann agus baineann isteach san áirc le Naoi, de réir mar d'ordaigh Dia do Naoi.
10 Agus tar éis seacht lá tháinig uiscí na díleann ar an talamh.
11 Sa bhliain sé chéad d'aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin - an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe.
12 Bhí sé ag fearthainn ar an talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche.
13 An lá sin féin is ea a chuaigh Naoi isteach san áirc lena mhic Séam, Hám agus Iáfat, agus triúr ban a mhac,
14 agus in éineacht leo gach ainmhí de réir a gcineáil, an t‑eallach go léir de réir a gcineáil, gach péist a shníonn ar talamh de réir a gcineáil, an éanlaith go léir de réir a gcineáil, gach éan de gach sórt.