1 Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.
2 Dúnadh toibreacha an duibheagáin agus comhlaí uisce neimhe: coisceadh an fhearthainn ó neamh.
3 Chúlaigh na huiscí ón talamh de réir a chéile; faoi chionn céad go leith lá bhí na huiscí tráite.
4 Sa seachtú mí, ar an seachtú lá déag den mhí sin, luigh an áirc ar shléibhte Ararat.
5 Bhí na huiscí ag trá leo go dtí an deichiú mí; agus sa deichiú mí, ar an gcéad lá den mhí, nocht mullaí na sleibhte.
6 Faoi chionn daichead lá d'oscail Naoi an fhuinneog a bhí déanta aige san áirc
7 agus scaoil uaidh amach an fiach dubh. D'imigh seisean leis agus bhí ag guardal thart go dtí gur thriomaigh na huiscí den talamh.