11 Agus d'fhill an colm ar ais air tráthnóna, agus féach! bhí craobh úr olóige ina ghob. Thuig Naoi ansin go raibh na huiscí tráite ón talamh.
12 D'fhan sé seacht lá eile, mar sin, agus scaoil an colm uaidh arís; agus níor fhill sé air a thuilleadh.
13 Sa bhliain sé chéad agus a haon d'aois Naoi, ar an gcead mhí, ar an gcéad lá den mhí is ea a triomaíodh na huiscí den talamh, agus d'oscail Naoi comhla na háirce, agus d'fhéach amach. Bhí clár na talún tirim!
14 Sa dara mí, ar an seachtú lá fichead den mhí, bhí an talamh tirim.
15 Agus dúirt Dia le Naoi:
16 “Amach leat as an áirc! tú féin agus do chlann mhac, agus mná do mhac mar aon leat!
17 Beir leat amach a bhfuil farat d'ainmhithe, an uile ní d'fheoil idir éanlaith agus ainmhithe agus phéisteanna a shníonn ar talamh. Téidís i líonmhaire ar talamh; bíodh toradh orthu agus síolaidís ar talamh.”