19 Agus na hainmhithe allta go léir, agus an t‑eallach go léir, an éanlaith go léir, agus na péisteanna go léir a shníonn ar talamh, amach leo as an áirc, cineál ar chineál.
20 Agus rinne Naoi altóir don Tiarna, agus thoirbhir sé mar íobairt dhóite ar an altóir a rogha féin de na hainmhithe glana agus den éanlaith ghlan.
21 Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
22 Fad a bheidh an talamh ann,ní rachaidh stad arísar shíolchur ná ar fhómhar,ar fhuacht ná ar theas,ar shamhradh ná ar gheimhreadh,ar lá ná ar oíche.”