1 Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.
2 Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh,óir tá an Tiarna ag labhairt:“Thóg mé agus d'oil mé clann mhac,ach d'éirigh siad amach i mo choinne.
3 Tá aithne ag an mart ar a úinéir,agus ag an asal ar chliabhán a mháistir,ach ní aithníonn Iosrael aon ní,ní thuigeann mo phobal dada.”
4 Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta,a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe!Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael,d'iompaigh siad uaidh i leith.
5 Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís,agus an feall ar siúl agaibh fós?Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;
6 ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann:créachtaí, fearbacha, cneánna oscailtenach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu,ná cógais ola.
7 Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe,bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí;díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.