1 Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh,a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós!nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa;nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.
2 A Thiarna, bí ceansa linn,is leatsa atá ár súil.Bí i do lámh shábhála againn gach maidin,slánaigh sinn in aimsir trioblóide.
3 Le torann do theacht teitheann na ciníocha,nuair a éiríonn tú, as go brách leis na náisiúin;
4 scuabtar suas a gcreach mar a scuabfadh lócaistí í,tugtar áladh uirthi ar nós áladh de chuid na míolta sin.
5 Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas;líonann sé Síón le ceart agus le cóir.
6 Is é cúl taca na haimsire é;an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn,is í eagla an Tiarna is taisce dó.
7 Éist mar tá fir chalma ag glaoch ar chabhair os ard,na teachtaí a cuireadh ag lorg síochána, tá siad ag gol go léanmhar.
8 Tá na bealaí móra tréigthe,níl aon duine ag taisteal na mbóithre.Tá an conradh briste, agus drochmheas ar na finnéithe,ní thugtar aird ar an duine a thuilleadh.
9 Tá an tír ag mairgneach agus ag meath;tá an Liobáin feoite le náire.Is geall le gaineamhlach Seárón;tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.
10 “Anois,” arsa an Tiarna, “táimse ag éirí,anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.
11 Caith is ea a ghabh sibh sa bhroinn, agus conlach a chuirfidh sibh ar an saol;tiocfaidh gaoth mar a bheadh tine ann chun sibh a alpadh.
12 Beidh na ciníocha á ngoradh go dtí go bhfágtar ina luaithreán iad,mar a bheadh dealgacha á ngearradh agus á gcur sa tine.
13 Sibhse atá i bhfad i gcéin, éistigí lena bhfuil déanta agam;agus a mhuintir anseo in aice liom, admhaígí mo chumhacht.”
14 Tá uamhan ar na peacaigh i Síón,tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha.Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo?Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”
15 An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic,agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra,a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú,a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fholaagus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc
16 - beidh a chónaí siúd san aird thuas,dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó,soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.
17 Feicfidh do shúile an rí seo ina áilleacht,dearcfaidh siad ar dhúiche chianchríochach;
18 meabhróidh tú an rud a b'uafás croí duit:Cá bhfuil sé siúd a bhíodh ag cuntas?Cá bhfuil an té a dhéanadh an meá?Cá bhfuil fear comháirimh na seod?
19 Go deo arís ní fheicfidh tú an cine barbartha,cine na hurlabhra doiléire dothuisceana,cine na briotaíola gan bhrí.
20 Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte,luíodh do shúile ar Iarúsailéim,í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú,nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche.
21 Is ann is álainn don Tiarna inár bhfianaise,ceantar aibhneacha agus sruthán craobhach,mar nach dtriallann soitheach rámha ar bith,mar nach seolann aon árthach arrachtach;
22 Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir,is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,
23 tá a théada scaoilte,ní choinníonn siad an crann seoil níos mó,ní chrochann siad an comhartha in airde.Roinnfear creach agus éadáil mhór ansin;go fiú na bacaigh, déanfaidh siad slad.
24 Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: “Tá mé breoite”;an pobal a lonnóidh ann, maithfear dóibh a gcionta go léir.