1 Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,agus gas ag teacht óna fhréamh;
2 tá spiorad an Tiarna ag lonnú air,spiorad na heagna agus na tuisceana,spiorad na comhairle agus na cumhachta,spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.(In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)
3 Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta,ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.
4 Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbhaagus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine,agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
5 Is í an chóir bréid cheangail a choime,agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.
6 Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineachtagus gasúr óg á mbuachailleacht.
7 Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais,agus a gceanna beaga in aon ál le chéile;tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.
8 Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra,ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.
9 Díth ná dochar ní dhéantar níos móar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiamamar a líonann an fharraige leis an lán mara.
10 Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieiseina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha.Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinínagus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
11 Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nuachun fuílleach a phobail a athghabháil,a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte,ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám,ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.
12 Cuirfidh sé comhartha in airde le haghaidh na náisiún,agus baileoidh sé ar díbríodh as Iosrael le chéile;cruinneoidh sé muintir scaipthe Iúdá ó cheithre arda an domhain.
13 Beidh deireadh ansin le héad Eafráim,agus brúfar naimhde Iúdá síos;ní bheidh Eafráim in éad le Iúdá feasta,ná Iúdá ina namhaid ag Eafráim níos mó.
14 Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach,i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir;beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannasagus clann Amón ag géilleadh dóibh.
15 Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte,agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann;le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í,agus beifear ag siúl trasna tirimchosach,
16 sa dóigh go mbeidh clochán ann faoi choinne fuílleach a phobail,ar mhair beo i ndiaidh deoraíocht na hAsaíre,díreach mar bhí faoi choinne Iosraelnuair a tháinig siad aníos as an Éigipt.