Íseáia 13 ABN

Fáistiní i dTaobh Chiníocha na Coigríche

In aghaidh na Bablóine

1 Fógra ar an mBablóin, de réir mar taispeánadh d'Íseáia, mac Ámóz.

2 Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde,crochaigí suas an ghairm slua.Bagraígí lámh orthu i leithchun go dtaga siad go geataí na n‑uaisle.

3 Tá ordú tugtha agam do mo chuid óglach beannaithe;tá mé ag glaoch le teann feirge ar mo laochra,agus is iad atá cíocrach chun caithréime.

4 Éistigí! Torann ar na sléibhtemar bheadh slua ollmhór ag callán.Éistigí! Búirthíl na ríochtaí agus na náisiún i dtionól.Is é Tiarna na Slua atá ag gairm slógadh chun catha.

5 Tá siad ag teacht ó thír i gcéin,ó chianchríocha na spéire,an Tiarna agus feidhmeannaigh a fheirge,chun an talamh ar fad a chreachadh.

6 Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna;tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.

7 Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh,agus croí an uile dhuine go fann;

8 tá scéin orthu agus scaoll,tá siad i bpriacail ar nós mná seolta.Tá siad ag breathnú ar a chéileagus a ngnúiseanna lasta le náire.

9 Tá lá an Tiarna chugaibh go cruálach,le fraoch agus le fearg loiscneach,chun fásach a dhéanamh den tíragus na peacaigh a theascadh as.

10 Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta,ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh;tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di,ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.

11 Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide,agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin;cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasachagus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.

12 Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir,níos teirce ná ór Óifír.

13 Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha,go mbogfaidh an talamh as a áit,le barr buile Thiarna na Slua,sa lá a spréachfaidh a fhearg.

14 Ansin, mar a bheadh fia á sheilg,mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh,tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin,agus teithfidh chun a dhúiche féin.

15 Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é;gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh.

16 Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl,déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná.

17 Seo, tá mé ag gríosú na Méideach ina n‑aghaidh,gur cuma leo airgead agus gur táir leo ór.

18 Tá na gasúir á mbascadh agus na girseacha á mbrú.Toradh na broinne ní trua leo,ná níl trócaire ina súil d'aon mhac máthar.

19 An Bhablóin, péarla na ríochtaí,seod agus práinn na gCaildéach,beidh sí ar nós Shodom agus Ghomoránuair a threascair Dia iad.

20 Ní bheidh cónaí ansin níos mó,ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo.Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh,ná na haoirí a dtréada ann i gcró.

21 Beidh a ngnáthóga ag na hainmhithe allta ann,agus beidh a cuid tithe lán d'ulchabháin.Beidh cónaí ar éanlaith an aeir ansin,agus na púcaí ag rince ina lár.

22 Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais,agus na madraí allta ina páláis sháile...Tá a haimsir ar na gaobhair,ní chuirfear a laethe ar cairde.