Íseáia 59 ABN

Salm

1 Ní hé go bhfuil lámh an Tiarna chomh giorraithe sinnach bhfuasclaíonn,ná a chluas chomh mall nach gcloiseann.

2 Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagánidir sibh agus bhur nDia.Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdachionas nach gcloiseann sé sibh.

3 Óir tá bhur lámha truaillithe le fuilagus bhur méara le cionta.Tá an bhréag ar bhur mbeolaagus monabhar an éigirt ar bhur dteanga.

4 Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt,ná ní théitear chun dlí go hionraic.Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga;gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.

5 Ar gor ar uibheacha nathrach atá siad,agus ag fíodóireacht líonta damhán alla;an té a itheann a n‑uibheacha, faigheann sé bás,agus má bhristear ceann acu, nathair nimhe a thagann amach.

6 Maidir lena líonta, ní dhéanfaidh siad gnó éadaigh,ná ní dhéanfar clúdach dóibh as saothar a láimhe.A saothar siúd, is é saothar an donais éagus is réidh chucu an gníomh garbh.

7 Ritheann a gcosa chun an oilc,agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh.Bearta coiriúla is ea a mbearta,níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.

8 Bealach na síochána ní eol dóibh,ná níl ionracas ar bith i rian a n‑imeachta.Cosáin chama atá réitithe amach acu;an té a shiúlann iad, níl síocháin i ndán dó.

9 Dá thairbhe sin is fada an ceart uainnagus ní thagann an fhíréantacht suas linn.Bímid ag dréim leis an solas, agus seo dorchadas,le gealán gréine, agus tá muid ag siúl faoi ghruaim.

10 Tá muid ag gliúmáil romhainn inár ndaill cois balla;mar a dhéanfadh daoine gan súile atá ár ngliúmáil.Tá muid ag tuisliú um nóin mar bheadh sa chlapsholas,tá cónaí orainn sa dorchadas ar nós na marbh.

11 Tá muid uile ag gnúsacht mar bheadh béir ionainn,ag ochlán agus ag éagaoin ar nós colúr.Tá ár súil leis an gceart - ach ní ann dó,le fuascailt, ach is fada uainn í.

12 Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair,agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh.Mar is feasach sinn ar bpeacaí,agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:

13 an Tiarna a thréigean agus a shéanadhagus imeacht ar shiúl ónár nDia,a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce,agus ag monabhar bréaga inár gcroí.

14 Caitear an ceart i leataobhagus seasann an fhíréantacht siar.Mar baineadh leagan as an iontaoibh ar fhaiche na cathrach,agus níl cead isteach ag an macántacht.

Blúire de Thaispeánadh

15 Tá an t‑ionracas in easnamhagus déantar slad ar fhear seachanta an oilc.Chonaic an Tiarna sin agus níor thaitin sé leisnach raibh ceart le fáil os a chomhair.

16 Chonaic sé nach raibh aon duine ann,agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil.Mar sin rinne a lámh féin slánú dóagus ba í a fhíréantacht a chrann taca.

17 Chuir sé an fhíréantacht air ina lúireachagus clogad an tslánaithe ar a cheann.Chuir sé éadach an díoltais uime ina léineagus chlúdaigh é féin le díbheirg mar chlóca.

18 Cúiteoidh sé cách mar is dleacht,fearg dá naimhde agus díoltas dá eascairde.

19 Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniaragus dá ghlóir ó éirí na gréine.Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruachagus siorradh ón Tiarna á siabadh.

20 Ach tiocfaidh sé go Síón mar fhuascailteoir,chuig muintir Iacóib agus a bpeacaí tréigthe acu.Briathar féin an Tiarna an méid sin!

21 Maidir liom féin, is é seo mo chonradh leo, a deir an Tiarna: Mo spioradsa atá ag lonnú ort agus mo bhriathra atá curtha i do bhéal agam, ní imeoidh siad as do bhéal, ná as béal do shleachta, ná as béal shliocht do shleachta feasta go deo. Sin é a deir an Tiarna.