Íseáia 23 ABN

Dán ar an Tuír agus Síodón

1 Fáistine i dtaobh na Tuíre.Caoinigí, a longa Thairsís,mar tá bhur longfort scriosta.Ar a mbealach ó thír Chitímis ea chuala siad an scéala.

2 Déanaigí mairgneach, a mhuintir an chósta,a cheannaithe Shíodóine,a mbíodh bhur bhfeidhmeannaigh ag taisteal na bhfarraigí

3 agus na bóchna móire.Arbhar na Níle agus fómhar na hAbhanna rinne a saibhreas,agus bhíodh sí ag díol leis an domhan mór.

4 Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón,óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir:“Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh;níl clann mhac agam le tógáilná iníonacha le hoiliúint.”

5 Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt,beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre.

6 Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad,bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.

7 An é sin bhur gcathair ghriothalánach,a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall,a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad,chun cónaí a dhéanamh i gcéin?

8 Cé a cheap an beart seoi gcoinne Tuír na gcoróineacha,a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí,agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún?

9 Is é Tiarna na Slua a bheartaigh,chun díomas a scéimhe a ísliú,chun toicithe na talún a chaitheamh síos.

10 Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís,níl an calafort ann níos mó!

11 Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraigeagus chroith sé a cuid ríochtaí;thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.

12 Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó,a mhaighdean ar a ndearnadh éigean,a iníon Shíodóine!Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím;thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”

13 Féach an tír seo dár dhual longa!Thóg na Caildéigh a dtúir léigir.Leag siad a cuid daingeanagus d'fhág ina ballóg í.

14 Caoinigí, a longa Thairsís,mar tá bhur longfort scriosta!

An Tuír á cur faoi Smacht

15 Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin:

16 Tóg do chláirseach, déan cuairt na cathrach,a striapach bhocht thréigthe!Seinn go binn, croch suas do cheol,spreag cuimhne ort sna daoine arís!

17 Mar sin i gcionn deich mbliana agus trí scór tiocfaidh an Tiarna ar a chuairt chuig an Tuír. Tosóidh sí arís ar chúiteamh a cuid striapachais a fháil. Deanfaidh sí striapach di féin le ríochtaí an domhain uile ar dhroim talún.

18 Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta.