Íseáia 2 ABN

An tSíocháin Bhuan

1 Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim.

2 Titfidh sé amach san am atá le teachtgo mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna airos cionn na sléibhte,agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;

3 is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarnago teach Dhia Iacóib,chun go múine sé dúinn a shliteagus go siúlaimis a bhealaí.”Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.

4 Beidh smacht aige ar na ciníochaagus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachtaagus a sleánna ina gcorráin.Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadhná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.

5 A theaghlach Iacóib, tagaigí,agus siúlaimis i solas an Tiarna!

Fiosrú an Tiarna

6 Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal,do mhuintir Iacóib;tá an tír lán le lucht feasa,agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach;agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.

7 Tá a ndúiche lán airgid agus óiragus níl deireadh go deo lena dtaiscí;tá a ndúiche lán de chapaillagus níl deireadh lena gcarbaid;

8 tá a dtír lán de dhéithe bréige...Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin;os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.

9 Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine;ná maith dóibh é.

10 Imigh leat i measc na n‑ailteanna,gabh i bhfolach sa láib,ar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

11 Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna;ísleofar díomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.

12 Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann,i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais,i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,

13 i gcoinne chéadras na Liobáine go léiragus chrann darach Bháiseán go léir,

14 i gcoinne na sléibhte buacacha ar fadagus na gcnocán ard ar fad,

15 i gcoinne na dtúr ard uileagus na mbábhún crioslaithe uile

16 i gcoinne loingeas Thairsís go léiragus a n‑earraí luachmhara go léir...

17 Ísleofar an t‑uabhar daonna,tabharfar béim síos do dhíomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,

18 agus caithfear síos na déithe bréige go léir.

19 Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig,isteach i bpluaiseanna an talaimh,ar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

20 An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,

21 nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraigagus i scoilteanna na n‑ailteannaar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

22 Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh,nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí.Cén luach a chuirfí síos dó?