1 Cuirigí uain mar bhronntanaschuig rialtóir na tíre,ón gCarraig ar thaobh na díthreibhego sliabh iníon Shíón.
2 Ag cleitearnach anonn is anallmar a bheadh nead scolamán tréigthe,is amhlaidh atá iníonacha Mhóábcois áthanna an Arnón.
3 “Tabhair comhairle dúinn,tabhair breith ar ár gcas.Sín amach do scáth mar bheadh coim na hoíche anni lár an lae ghil.Cuir iad siúd atá scaipthe i bhfolach,ná déan brath ar an teifeach.
4 Lig dóibh cur fúthu i do theach,muintir scaipthe sin Mhóáb;bí i do thearmainn acui gcoinne an chreachadóra.Nuair a bheidh deireadh leis an ansmacht,críoch leis an gcreachadóireacht,agus lucht chosarbolg imithe as an tír,
5 is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas,agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht,i mboth Dháiví,breitheamh ar mór leis an ceartagus ar luath chuige cíocras na córach.”
6 Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb,uabhar as miosúr,uaillmhian agus borr agus bród,mórtas tóin gan taca.
7 Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb.Tá siad go léir ag caoineadh le chéile,i ndiaidh cístí rísín Chír Harasaittá siad ag mairgneach go cráite.
8 Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smolaagus fíniúin Shibmeá,a mbeireadh a gcrobhaingí buaar thiarnaí na náisiún.Shroiseadh siad fhad le Iazaer,bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach;bhí a gcraobhacha ag leathadh amachthar farraige anonn.
9 Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer,i ndiaidh fíniúin Shibmeá;silfidh mé mo dheora oraibh go frasa Heisbeon agus a Eileálae.Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíonachualathas gáir chatha;
10 tá an t‑áthas agus an lúcháirimithe as gort agus garraí.Sna fíonghoirt níl ceolná liú áthais le cloisint;níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí,tá an húrla-hárla ina thost.
11 Dá bharr sin, ar son Mhóábtá mo chliabh mar chláirseach ar crith,agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.
12 Saothar in aisce ag Móáb a theacht chun teampaill,á thraochadh féin ag scrínte na n‑ardán;a dhul isteach ina shanctóir a ghuí,níl gar ann dó.
13 Gurb é sin an focal a labhair an Tiarna i gcoinne Mhóáb fadó.
14 Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”