Íseáia 10 ABN

1 Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra,do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,

2 a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil,agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart,a dhéanann na baintreacha a chreachadhagus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.

3 Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachananuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin?Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach?Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?

4 Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí,nó titim i measc na marbh.Ach níl a fhearg síothlaithe,tá a lámh sínte amach i gcónaí.

In Éadan Rí na hAsaíre

5 Is mairg don Asaír, don tslait sin mo chorraí,an bata atá á bheartú agam le barr feirge!

6 In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é,i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air,chun iad a chreachadh agus a shlad,agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

7 Ach níorbh é sin an rún a bhí aige féin,ní amhlaidh don bhreith a thug sé ina chroí.Ní raibh ina chroí siúd ach fonn díscithe,an iomad náisiún a stróiceadh ó chéile.

8 Bhí sé ag rá: “Nach cuma nó ríthe mo cheannairí go léir?Nach ionann iad Calno agus Cairceimis?

9 Nach ionann Hamát agus Arpád?nó an tSamáir agus an Damaisc?

10 Mar a d'aimsigh mo lámh ríochtaí na n‑íol,a ba líonmhaire dealbh ná Iarúsailéim agus an tSamáir,

11 mar a rinne mé leis an tSamáir agus lena cuid íol,nach amhlaidh fós a chaithfidh mé le Iarúsailéim agus lena dealbha?”

12 Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.

13 Óir dúirt sé:“Le neart mo láimhe a rinne mé é,agus le mo ghaois, mar is mé atá críonna:chuir mé críocha náisiún ar ceal,agus rinne mé slad ar a stór.Chaith mé a lucht cónaithe ar a mbéal faoi sa láib

14 D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé,saibhreas na gciníocha.Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh,bhailigh mé chugam an talamh ar fad,agus níor greadadh sciathán,níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”

15 An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe?Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe?Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í,agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.

16 Is é sin an fáth a gcuirfidh Tiarna na Sluameath ar a chuid gaiscíoch;faoina rachmas thíos beidh dóiteán ag dómar a dhónn tine.

17 De sholas Iosrael déanfar tine,agus bladhaire dá Neach Naofa,ag loisceadh agus ag alpadh a dhriseachaagus a sceacha in aon lá amháin;

18 maise na foraoise agus na ngairdíní,ciorróidh sé idir chorp agus anam,beidh sí cosúil leis an othar atá ag meath.

19 Fuílleach chrainn na foraoise b'fhurasta a gcuntas,scríobhfadh páiste síos iad.

Ainm Seár Iaisiúb

20 Sa lá sin,fuílleach Iosrael agus ar tháinig slán de theaghlach Iacóib,ní bheidh siad ag brath níos mó ar an té a bhuaileann iad,ach beidh siad ag brath go fírinneach ar an Tiarna,Neach Naofa Iosrael.

21 Fillfidh fuílleach, fuílleach Iacóib,ar an Dia láidir.

Fógra na Tubaiste

22 Óir dá mb'ionann do phobal, a Iosrael, agus gaineamh na farraige, ní fhillfidh díobh ach fuílleach. Tá a léirscrios socraithe, rud a fhágfaidh an fhíréantacht ag cur thar maoil.

23 Óir an léirscrios atá socraithe aige, cuirfidh an Tiarna i gcrích é ar fud na tíre ar fad.

Fáistine

24 Is é sin an fáth a labhraíonn Tiarna na Slua mar seo:“A phobal liom, a bhfuil do chónaí i Síón,ná bíodh eagla ort roimh an Asaír a bhuaileann thú le bata,agus a thógann an tslat i do choinne.

25 Óir tamaillín beag fósagus beidh deireadh leis an bhfíoch,scriosfaidh m'fheargsa iad.

26 Os a chionn siúd craithfidh Tiarna na Slua an lasc,mar a rinne nuair a threascair sé Midián ag carraig Horaeb,agus nuair a shín sé a shlat in aghaidh na farraigeagus a thóg í os cionn bealach na hÉigipte.

27 Sa lá sin,sleamhnóidh a ualach siúd de do ghualainn,agus tógfar a chuing de do mhuineál.”Tá sé ag déanamh anall orainn bealach Rimeon,

Ionradh Namhad

28 tá sé ag teacht thar Áiat, ag dul trasna Mhigreon;i Micmeás tá a scuaine iompair fágtha i loc aige.

29 Anall leo ón talamh thall,i nGeaba atá siad ar ceathrúin oíche.Tá Rámá ar bhall amháin creatha,Gibeá Sól ag imeacht ina tháinrith;

30 A Bhat Gailím, liúraigh leat!A Laiseá, éist léi!Tabhair freagra uirthi, a Anatót!

31 Tá Madmaená ag teicheadh,muintir Ghéibím ar a seachnadh.

32 An lá seo féin déanfaidh sé sos i Nob.Bagróidh sé a lámh ar shliabh iníon Shíón,ar chnocán Iarúsailéim.

33 Féach, seo an Tiarna Dia na Sluaag teascadh na ngéag lá huafás.Tá barra na gcrann á ngearradh,agus na bilí is bródúla á leagan.

34 Tá ceartlár na foraoise ag titim leis an tua;tá an Liobáin agus a glóir ag turnamh.