Íseáia 21 ABN

Turnamh na Bablóine

1 Fáistine i dtaobh an mhachaire cois na farraige.Gairfean chugainnar nós séideáin ag scuabadh an deiscirt,ag teacht isteach as an bhfásach,isteach as tír an uafáis

2 - is scáfar an fhís a fuair mé -tá fear na creiche i mbun creiche,tá an sladaí ag slad.“Suas leat, a Éalám,suas chun an léigir libh, a Mhéideacha!Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”

3 Is uime sin atá mo chorrógaar bhall amháin creatha;fuair na freanga greim orm,mar bheadh freanga mná seolta;tá mé róbhuartha le cloisint,róscanraithe le feiceáil.

4 Tá mearbhall ar mo chroí;tá scaoll orm de bharr an chreatha;an clapsholas a raibh mé ag dréim leis,is cúis chearthaí dom é.

5 Tá an bord á chóiriúagus á chlúdach le héadach;táthar ag ithe agus ag ól...Suas libh, a cheanna feadhna!Smearaigí bhur sciath.

6 Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom:“Gabh agus cuir fear i mbun faire,fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige.

7 Feiceann sé marcshlua,marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt,marcaigh ar asail, marcaigh ar chamaill.Tá sé ag airdeall, ag airdeall go haireach.”

8 Scairt an fear faire ansin:“Ar thúr na faire, a Thiarna,tá mé i mo sheasamh an lá ar fad,agus oíche in aghaidh na hoíche i mbun mo gharda.

9 Féach, seo chugainn an marcshlua,na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.”Agus tháinig an freagra ar ais:“Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár,agus dealbha a cuid déithe uileina smionagar ar talamh.”

10 A phobal liom atá do do bhualadhi do choirce ar an láithreán buailte,an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael,is é atá á fhógairt agam duit.

Freagra ar Mhuintir Eadóm

11 Fáistine i dtaobh Eadóm.Táthar ag glaoch orm as Saeír:“A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?”

12 Is é freagra an fhir fhaire:“Chugainn an mhaidin,agus an oíche arís ina diaidh.Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí;ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.

Fáistine do na hArabaigh

13 Fáistine fá choinne an mhachaire.A bhuíonta fáin na nDéadánach,arb é scrobarnach an mhachaire is ceathrúin oíche daoibh,

14 tugaigí uisce libh in airicis lucht an íota;a mhuintir Théamá, amach libh le bia ar chionn na dteifeach.

15 Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh,ó fhaobhar an chlaímh,ón mbogha agus é lúbtha,agus ó bhroid an chatha.

I gCoinne Chéadár

16 Is ea, labhair an Tiarna liom mar seo: “Bliain amháin eile, a háireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, agus beidh críoch le glóir agus le neart Chéadár.

17 De líon lucht na mboghanna, de ghaiscígh chlann Chéadár, is beag a bheidh fágtha, óir is é an Tiarna, Dia Iosrael, a dúirt é.”