1 Is é an ceart is bun le ríogacht an ríagus an chóir le flaitheas na bhflatha;
2 is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa,amhail srutháin uisce i dtalamh tirim,amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.
3 Ní bheidh sram ansin ar na súile a fheiceann,beidh na cluasa a chloiseann ar bior,
4 beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachtaagus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir;
5 ní thabharfar uasal feasta ar an amadán,ná ní bheidh clú na cneastachta ar an gcaimiléirí.
6 Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidíagus a chroí ag meabhrú an oilc,chun an urchóid a chur i gcrích,chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna,chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamhagus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.
7 Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe;bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga,fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;
8 ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta,agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.
9 A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh,éistigí le mo ghlór;a iníonacha na rómhuiníne,tugaigí cluas do mo chaint!
10 I gcionn bliana agus corradhbeidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne,óir meathfaidh barr na fíniúna;fómhar ní bheidh ann ar aon chor.
11 Bígí ar crith, a mhná an tsócúil,bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach;bainigí díbh, nochtaigí sibh féin,fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!
12 Buailigí bhur n‑uchti ndiaidh na dtailte taitneamhacha,i ndiaidh na fíniúna a bhí torthúil,
13 i ndiaidh dúiche mo mhuintiremar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás,i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir annsa chathair chaithréimeach.
14 Óir tá an pálás tréigthe,agus torann an bhaile ina thost;beidh cnoc Oifil agus an Port Mórina bpluaiseanna go deo,réimse macnais do na hasail allta,féarach na dtréad.
15 Doirtfear orainn as an nuaan Spiorad ón aird thuas;déanfar gairdín den fhásach ansinagus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.
16 Beidh an ceart ag lonnú san fhásach,agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir;
17 an tsíocháin a bheidh mar thoradh ar an gcóir,agus is é is tairbhe don cheart suaimhneas agus sábháilteacht go deo.
18 Lonnóidh mo phobal in áitreabh síochána,i dtithe iontaofa, in ionaid chónaithe shócúlacha,
19 - leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair.
20 Is méanar daoibh ansin agus sibh ag cur síl le hais gach srutháin,agus an damh agus an t‑asal a scaoileadh agaibh saor amach.