Íseáia 27 ABN

1 An lá sin, smachtóidh an Tiarnalena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir,Leiviatan, an nathair éalaitheach,Leiviatan, an nathair lúbarnach:maróidh sé dragan na farraige.

Fíniúin an Tiarna

2 An lá sin, canaigí an fíonghort taitneamhach!

3 Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air;bím de shíor ag coinneáil uisce leisar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr;de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.

4 Fearg níl orm a thuilleadh!Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann,cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!

5 Sin nó cead acu dul ar mo choimirceagus síocháin a dhéanamh liom.Is mairg nach ndéanann siad síocháin liom!

Trócaire agus Pionós

6 Sna laethe atá le teacht cuirfidh Iacób péacáin amach,tiocfaidh bláth agus toradh ar Iosrael;líonfaidh sé aghaidh na talún le torthaí.

7 An é gur leadhb Dia é mar a leadhb sé lucht a leadhbtha?Ar bhásaigh é mar a bhásaigh sé lucht a bhásaithe?

8 Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt;chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann.

9 Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóibagus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca:go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léirmar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear.Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh

10 óir tá an chathair dhaingean ina fásach,tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann.Is ann a thagann an tréad ag iníor,is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.

11 Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad;tagann mná agus lasann siad an tine leo.Óir is pobal é seo atá gan tuiscint,mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh;an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.

Fáistine

12 An lá sin, déanfaidh an Tiarna an grán a bhualadhó shruth na hAbhann go caise na hÉigipte,agus baileofar sibh aon ar aon, a chlann Iosrael.

13 An lá sin, séidfear an stoc móragus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíreagus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte,agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.