Íseáia 62 ABN

Aiséirí Iarúsailéim Arís

1 Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost,agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair,nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachanagus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.

2 Is ann a fheicfidh na ciníocha d'fhíréantachtagus na ríthe uile do ghlóir;agus tabharfar ainm nua ort,ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.

3 Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna,i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.

4 Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta,ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche.Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin”agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche.Óir lig an Tiarna a rún leatagus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.

5 Díreach mar a phósann ógfhear cailín,is é an Saor féin a phósfaidh thusa;agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta,beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.

6 Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agamnach dual tost dóibh de lá ná d'oíche;Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna,

7 níl sos i ndán daoibh - agus ná tugaigí sos dósannó go gcuire sé Iarúsailéim ar bunina duan molta dó go deo ar talamh.

8 Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairtdar a dheasláimh agus dar neart a ghualann:“Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneachtmar bhia do do naimhde.Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíonaar chaith tú do shaothar leis.

9 Ach an dream a rinne an t‑arbhar a tharlú,íosfaidh siad féin é agus molfaidh siad an Tiarna.Is iad lucht cnuasaithe na gcaora fíonaa bheidh ag ól i mo chúirteanna beannaithe.”

Clabhsúr ar na trí Chaibidil seo

10 Amach libh, amach trí na geataí!Réitigí bealach do mo mhuintir!Tógaigí tóchar, tógaigí suas é;glanaigí na carraigeacha ar shiúl!Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!

11 Seo é fógra an Tiarnago críocha na cruinne féin:“Abraigí le hiníon Shíón:Seo chugat d'fhuascailteoir.Tá a luach saothair leis ina sheilbhagus a chúiteamh á iompar roimhe amach.

12 Gairfear dóibh Pobal Naofa,Cion Fuascailte an Tiarna,agus duit féin a mbíonn síorthriall ortCathair nach dtréigtear.”