1 Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas,ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,
2 mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna,mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh;ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainmagus ciníocha ar crith roimh do theacht.
3 Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo,agus nár chuala aon duine caint orthu riamh.
4 Cluas níor chuala ná súil ní fhacadia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.
5 Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceartagus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí.Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin;is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.
6 Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlanagus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha.Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga,dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
7 Duine níl ann a ghlaonn ar d'ainm,ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat,óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn,agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna.
8 Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair.Sinne an chré, tusa an potaire,agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.
9 Ná bíodh fearg rómhór ort, a Thiarna,ná meabhraigh an urchóid de shíor!Féach orainn go léir, breathnaigh ar do mhuintir.
10 Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh,tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.
11 Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn,mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh,tá sé dóite go talamh le tine,agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.
12 Ina dhiaidh sin, a Thiarna, an bhfuil tú chun srian a chur leat féin,chun fanacht i do thost agus sinn a smachtú thar cuimse?