Íseáia 9 ABN

1 An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas,chonaic siad solas mór;agus ar mhuintir na tíre gruamatá solas ag lonrú.

2 Chuir tú go mór lena n‑áthas,mheadaigh tú ar a lúcháir;tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.

3 Óir an chuing a bhí anuas orthu,an choirb ar a nguaillí,agus slat an aintiarna,déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.

4 Óir gach coisbheart catha,agus gach fallaing a tumadh san fhuil,tá siad loiscthe,tá siad dóite le tine.

5 Óir rugadh leanbh dúinn,tugadh mac dúinn;tá an tiarnas ar a ghualainn,agus is é ainm atá air:“Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”,“Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.

6 Níl teorainn lena thiarnasná críoch lena shíocháinar chathaoir ríoga Dháivíagus ar a ríogacht,ag cur bun agus taca leo,sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách.- Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.

Díoltas an Tiarna

7 Caitheann an Tiarna focal le Iacóbagus titeann sé ar Iosrael.

8 Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire,aithníonn siad é.Dúirt siad ina ndíomasagus i sotal a gcroí:

9 “Tá na brící tar éis titim, tógfaimid le clocha gearrtha;tá na seiceamair leagtha, cuirfimid céadrais ina n‑áit.”

10 Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo,tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:

11 Arám thoir agus na Filistínigh thiar,alpann siad Iosrael go cíocrach.Ach níl a fhearg síothlaithe;tá a lámh sínte amach i gcónaí.

12 Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh,níor lorg sé Tiarna na Slua;

13 mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d'Iosrael,pailm agus giolcach in aon lá amháin.,

14 (Seanóir agus móruasal - sin é an ceann;fáidh na bhfíseanna bréagacha, is é sin an t‑eireaball.)

15 Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae,agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.

16 Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n‑ógánaigh,ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha.Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad,tá a gcaint seafóideach.Ach níl a fhearg síothlaithe,tá a lámh sínte amach i gcónaí.

17 Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann;alpann sé driseacha agus sceacha,ansin cuireann sé tine le mothair na foraoiseagus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.

18 Fearg Thiarna na Slua is í chuir an tír trí thine,agus is cuma nó breosla an pobal.Níl duine acu a thugann anacal dá bhráthair,

19 Gearrann siad ar dheis, agus tá ocras orthu fós;slogann siad ar chlé, agus níl siad sásaithe,gach aon ag alpadh feoil a chomharsan.

20 Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise,agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá.Ach níl a fhearg síothlaithe,tá a lámh sínte amach i gcónaí.