Íseáia 31 ABN

In Éadan na hÉigipte

1 Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine,atá ag cur a muiníne i gcapaill,agus a ndóchas i líon na gcarbadagus i marcshlua neartmhar,ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chorná nár lorg comhairle an Tiarna.

2 Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leorchun an tubaiste a chur faoi deara freisin;ní dual dó dul siar ar a fhocal,ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n‑urchóideach,ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha.

3 Daoine is ea na hÉigiptigh agus ní déithe;is feoil a gcuid each agus ní spiorad;agus nuair a shínfidh an Tiarna amach a lámh,bainfear tuisle as fear an chuiditheagus titfidh an fear ar cuidíodh leis ina theannta,agus caillfear iad go léir le chéile.

In Éadan na hAsaíre

4 Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom:Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche,agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne,gan scáth a theacht air lena scairteach,ná scaoll lena gcallán,is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun cathaar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard.

5 Ar nós mar bhíonn éanlaith ar foluain,is amhlaidh a dhéanfaidh Tiarna na Slua cumhdach ar Iarúsailéim,á cumhdach agus á baint as braighdeanas,ag ligean léi agus á scaoileadh saor.

6 Filligí ar an té atá séanta agus dúshéanta agaibh, a chlann Iosrael.

7 Sea, an lá sin caithfidh gach duine uaidhna híola airgid agus na híola óiratá dealbhaithe agaibh le bhur lámha ciontacha.

8 Rachaidh an Asaír síos roimh chlaíomh nach ón duine éagus alpfar é le claíomh nach daonna;teithfidh sé ar aghaidh an chlaímhagus déanfar sclábhaithe dá chuid óglach.

9 Tréigfidh sé a dhúnfort le tréan eaglaagus fágfaidh a thaoisigh an meirge le barr scéine.Fáistine é seo ón Tiarna féin a bhfuil tine ar lasadh aige i Síónagus foirnéis aige in Iarúsailéim.