Íseáia 26 ABN

Duan Bua

1 An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá:“Tá baile daingean againn;leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.

2 Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta,an té a sheasann lena ghealltanas,

3 atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin,óir is asatsa atá a mhuinín.

4 Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo,óir is é an Tiarna an charraig shíoraí;

5 d'ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda,muintir an dúnfoirt daingin,leagann sé iad, leagann iad ar lár,caitheann sé síos iad sa láib;

6 cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán,siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”

Salm

7 Is díreach bealach an fhíréin,réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.

8 Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnastá muid ag fanacht ort, a Thiarna,is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.

9 Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche,agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh;nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh,foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.

10 Má thugtar fabhraíocht don urchóideach,ní fhoghlaimíonn sé ionracas,i dtír na córa, déanann sé urchóid;ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.

11 A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde;ní fheiceann siad í.Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu;an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

12 A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn,óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn.

13 A Thiarna, a Dhia linn,bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainnach ní aithnímid ach tusa feasta,ní aithnímid ach d'ainmse amháin.

14 Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís.Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó,mar tá siad smachtaithe scriosta agatagus tá a gcuimhne curtha ar ceal.

15 Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é;tabhair glóir don phobal,cuir fairsinge le críocha na tíre go léir!

16 A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg;anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.

17 Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne,is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair;

18 ghabh muid gin, tá muid i bpriacal mar bheimis ag saolú;ach níor thug muid spiorad an tslánaithe ar an saol,níl áitritheoirí á mbreith don domhan níos mó.

19 Beidh saol ag do chuid marbhánach arís,éireoidh a gcoirp as an nua;músclaígí, déanaigí gairdeas,sibhse uile atá sínte sa láib;óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa,agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.

Freagra an Tiarna

20 Imigh, a phobal liom, gabh isteach i do sheomraíagus dún na doirse i do dhiaidh.Gabh i bhfolach seal nóiméidgo dtí go dté an fhearg thart.

21 Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amachchun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir.Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag,agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.