1 Téann an fíréan in éagagus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é.Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúlgan duine ar bith a thabhairt aird air.
2 Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúlach isteach sa tsíocháin a théann sé.Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach,iad siúd a shiúil bealach na córa.
3 Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa,a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.
4 Cé faoi atá sibh ag fonóid, cé faoi an clab sin oraibh,agus cé chuige a shánn sibh amach bhur dteanga?Síol an pheaca atá ionaibhagus pór na mbréag!
5 Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte,faoi gach crann glasag íobairt páistí sna haltáin sléibhe,i scealpacha na gcarraig!
6 Clocha snoite na n‑altán, sin iad do chuibhreann,is iad, is iad do chuid.Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála,chucusan a thugann tú ofrálacha bia.An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?
7 Ar shliabh mór ardatá do leaba cóirithe agat.Is ann freisin a chuaigh tú suasa dhéanamh do chuid íobairtí.
8 Ar chúl an dorais agus na hursanis ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde.D'imigh tú uaim agus bhain tú díot,chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat.Tá conradh déanta agat leo siúdar mhór leat a leaba,ag síorstriapachas leoagus do shúile ar an dia bréige.
9 Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic,ag stealladh cumhrán ort féin;chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin,chuir tú iad síos go Seól fiú.
10 Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad,níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.”Fuair tú neart agus urra as an nua,mar sin níl tú tuirseach fós.
11 Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ortgur shéan tú mé,go ndearna tú dearmad ormagus nár choinnigh tú áit i do chroí dom?Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile?Mar sin níl eagla ort romhamsa.
12 Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte,agus do ghnóthaí gan rath.
13 Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú!Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t‑iomlán acu,siabfaidh anáil ar shiúl iad.Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht,agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.
14 Agus cloisfear glór á rá:Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach,glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire
15 Óir is mar seo a deir an Té is airde,a bhfuil a chónaí sa tsíoraíochtagus a bhfuil a ainm naofa:“Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa,agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad,chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle,chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
16 Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí,agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh;mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féinagus gach dúil bheo dá ndearna mé.
17 Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal;cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge.D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;
18 chonaic mé féin iad na bealaí céanna.Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó;líonfaidh mé le suaimhneas é,é féin agus lucht a chaointe,
19 á dhéanamh sin le briathra mo bheola:Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar!a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.”
20 Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite,farraige nach féidir di bheith ciúin,a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.
21 “Níl síocháin i ndán,” a deir mo Dhia, “do lucht na hurchóide.”