Íseáia 38 ABN

Galar agus leigheas Hiziciá

1 Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.”

2 D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé suas an phaidir seo chuig an Tiarna:

3 “Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin i d'fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.” Agus chaoin sé uisce a chinn.

4 Ansin ligeadh briathar an Tiarna le hÍseáia:

5 “Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d'urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol.

6 Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.”

7 D'fhreagair Íseáia: “Seo duit ón Tiarna an comhartha go ndéanfaidh sé an rud a dúirt sé.

8 Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.” Agus d'fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.

Duan le Hiziciá

9 Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air.

10 Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasaní foláir dom imeacht liomgo geataí Seól síos; is ann a choinneofar méar feadh a bhfanann agam de bhlianta.

11 Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mói dtír na mbeo,ní fheicfidh mé a thuilleadhaon duine de mhuintir an tsaoil seo.

12 Tá m'áit chónaithe bainte dhíom,tá sí stoite ar nós an phubaill a bhíonn ag aoirí;mar a dhéanfadh fíodóir, tá mo shaol cornta suas agat,agus tú ar tí an uige a ghearradh.Ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche,

13 agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine;tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad,ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche.

14 Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach,tá mé ag olagón ar nós colúir;tá mo shúile á n‑iompú agam i dtreo na n‑ard,amharc i mo dhiaidh agus bí i d'urra agam.

15 Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna,ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo;beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé,agus m'anam go goirt ionam istigh.

16 Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m'anam beo i do chuideachta;is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad.Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.

17 Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan;is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní,óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.

18 Ní thugann Seól moladh duit,ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh;an dream a théann síos sa duibheagán,níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.

19 An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú,mar a dhéanaim féin inniu.Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann.

20 Tá an Tiarna i ngar chun mé a shábháil;mar sin seinnfimid ceol molta ar théadalaethanta uile ár saoil os comhair Theampall an Tiarna.

21 Dúirt Íseáia: “Cuirigí ceirín figí ar an neascóid agus tiocfaidh biseach air.”

22 Dúirt Hiziciá: “Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?”