Íseáia 46 ABN

Turnamh Bhéil

1 Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin!Tá a n‑íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair,ina n‑ualach anuas ar bheithígh thraochta.

2 Cúbann siad agus cromann siad uile;gan ar a n‑acmhainn a lucht iompair féin a shábháil,ag imeacht mar aon leo i mbraighdeanas iad féin.

3 “Éistigí liom, a theaghlach Iacóib,a iarmhair uile de theaghlach Iosrael!sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh,a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.

4 Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé,agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh.Is é a rinne mé cheana nuair a d'iompair mé sibh;beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.”

Níl leithéid an Tiarna ann

5 Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé,cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht?

6 Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparánagus meánn siad airgead ar an ainsiléad.Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibhsléachtann siad síos agus tugann adhradh dó!

7 Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é,cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann.As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh.An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó,óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.

Tá an Tiarna ina Mháistir ar a bhfuil Romhainn

8 Meabhraígí sin, a lucht an éirí in airde,déanaigí machnamh air agus tagaigí ar bhur gciall;

9 cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá.Is mise Dia agus níl m'athrach annis mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!

10 Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann,foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill!Deirim: Déanfar mar a bheartaímagus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.

11 Scairtim ar éan creiche anoir,ar fhear na cinniúna as tír i gcéin.Ní luaithe ráite ná déanta é!Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!

12 Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnighagus ar fada libh an bua gan teacht.

13 Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é,ní bheidh moill ar mo shlánú.Deonóidh mé an slánú i Síón,ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!