1 Éist anois, a Iacóib,a ghiolla liom,
2 a Iosrael, atá tofa agam.Seo mar a deir an Tiarna a rinne thú,a dhealbhaigh ón mbroinn i leith thú agus a chabhraíonn leat:Ná bíodh eagla ort, a ghiolla liom, a Iacóib,a Isiriún atá tofa agam.
3 Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach,uisce ina thuilte ar an talamh spalptha.Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór,mo bheannacht ar shliocht do shleachta.
4 Fásfaidh siad ar nós féar cois uisce,mar bheadh na saileacha ar bhruach na sruthán.
5 Déarfaidh an duine seo: ‘Is leis an Tiarna mé’,tabharfaidh duine eile ainm Iacóib air féin.Scríobhfaidh duine eile ar a láimh ‘An Tiarna’,agus sloinnfidh é féin ó Iosrael.”
6 Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael,agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua:“Is mise an tús agus an deireadh;ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
7 Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé;taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair!Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht?Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn!
8 Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh:Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó?Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam,an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin?Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”
9 Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo.
10 Cé a dhealbhaíonn dia nó a mhúnlaíonn íomhá gan bheith ag dréim le sochar uaidh?
11 Is amhlaidh a bheidh náire ar fhíréin na deilbhe sin agus ceann faoi ar lucht a déanta. Bailíodh siad le chéile agus seasadh siad amach. Beidh idir uamhan agus náire orthu le chéile.
12 Saothraíonn an gabha os cionn na tine é, cumann sé lena chasúr é agus gaibhníonn é lena láimh láidir. Nuair a thagann ocras air, imíonn a neart uaidh; mura bhfuil uisce le hól aige, tagann laige air.
13 Tógann an saor adhmaid an tomhas, dearann sé an íomhá lena chailc, snoíonn sé í le siséal agus leanann sé an dearadh le compás. Cuireann sé crot agus ceannaithe duine dhaonna uirthi chun go dté sí a chónaí i dteampall.
14 Bhí sé tar éis céadras a ghearradh, nó cufróg nó dair a roghnú i measc crainn na foraoise, nó b'fhéidir gur céadras a chuir sé agus gur chuir an fhearthainn ag fás é.
15 Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair.
16 Leath amháin de, adaíonn sé tine leis, róstann feoil air agus itheann a dhóthain. Déanann sé a ghoradh féin chomh maith á rá: “Á, tá mé do mo ghoradh féin agus ag breathnú isteach sa tine.”
17 Lena bhfuil fágtha déanann sé dia dó féin, íol a sléachtann sé agus a síneann sé é féin béal faoi os a chomhair, ag guí chuige agus á rá: “Saor mé, óir is tú mo dhia.”
18 Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.
19 Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: “An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?”
20 An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”
21 A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo,cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael.Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom;a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.
22 Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néalagus do chionta ar nós scamaill.Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.
23 A spéartha, liúirígí le háthas,mar tá an Tiarna i mbun gnímh.Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún!A shléibhte, ceolaigí le háthas,agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat!Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saoragus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!
24 Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir,an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith:Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud,a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin.Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?
25 Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rathagus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill,a sheolann na saoithe ar a gcúil uaimagus a dhéanann seafóid dá stuaim,
26 a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta,a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích.Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!”agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!”agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.
27 Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim!triomóidh mé do chuid sruthanna.”
28 Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é!déanfaidh sé mar is rún liom,”ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.”Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”