Íseáia 39 ABN

Ambasáid ón mBablóin

1 San am sin, chuir Marodac Baladán mac Bhaladán, rí na Bablóine, chuir sé litreacha agus bronntanas chuig Hiziciá, mar gur chuala sé trácht ar a bhreoiteacht agus ar a théarnamh.

2 Ba mhór le Hiziciá sin agus thaispeáin sé do na teachtairí a státchiste, idir ór agus airgead, idir spíosra agus ola luachmhar, chomh maith lena armlann agus gach a raibh ina chuid stóras. Dada ní raibh ina phálás ná ina chríocha ar fad nár thaispeáin Hiziciá dóibh.

3 Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?” D'fhreagair Hiziciá: “Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.”

4 D'fhiafraigh Íseáia arís: “Cad a chonaic siad i do phálás?” D'fhreagair Hiziciá: “Chonaic siad gach a bhfuil i mo phálás: Níl ní ar bith i mo chuid stóras nár thaispeáin mé dóibh.”

5 Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá: “Éist le briathar Thiarna na Slua!

6 Tiocfaidh na laethanta a dtabharfar ar shiúl chun na Bablóine gach a bhfuil i do phálás, gach ar chuir do shinsir i dtoll a chéile go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní, a deir an Tiarna.

7 Cuid de do chlann mhac féin a shaolófar duit, tabharfar ar shiúl iad agus beidh siad ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.”

8 Dúirt Hiziciá le hÍseáia ansin: “Briathar sin an Tiarna agat, is dea-scéala é.” Óir ba é a bhí ina aigne: “Beidh síocháin agus slándáil ann le mo ré féin.”