Íseáia 34 ABN

Críoch le hEadóm

1 Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n‑éiste sibh;a phobala, tugaigí aire;éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann,an domhan cláir agus a shliocht go léir!

2 Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad,tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir;tá siad curtha faoi gheasa a millte aige,tá siad tugtha suas aige don ár.

3 Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach,agus boladh ag éirí óna gcoirp;tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte;

4 tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile.Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla annagus slua na reann ag feo,mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo,mar dhuilliúr feoite an chrann figí.

5 Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha...Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm,ar an gcine atá daortha damhnaithe agam.

6 Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil,tá sé bealaithe le blonag,le fuil na n‑uan agus na ngabhar,le geir cheathrún na reithí.Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozráagus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm.

7 Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta,in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan.Tá a dtalamh siúd múchta le fuil,agus a gcréafóg á leasú le geir.

8 Óir lá díoltais ag an Tiarna atá annagus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.

9 Beidh srutháin thír Eadóm arna n‑iompú ina bpicagus a créafóg ina cloch ruibhe;tá an dúiche in aon dóiteán pice amháin.

10 Oíche nó lá ní théann múchadh uirthi,tá an toit ag dul suas uaithi de shíor;beidh ina fásach ó ghlúin go glúin,duine daonna ní ghabhfaidh tríthi go deo.

11 Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog;beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh;sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi,agus leibhéal na foilmhe.

12 Beidh [a n‑áit chónaithe ag na púcaí inti];ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó,ní ghairfear ríthe inti feastaagus beidh a taoisigh go léir ina neamhní.

13 Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas,agus driseacha agus feochadáin ina dúnta;beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta,mar áitreabh ag ulchabháin.

14 Casfaidh cait allta le faolchúnna inti,agus beidh na púcaí ansin ag glaoch ar a chéile;is inti a rachaidh an chailleach oíche ar ceathrúin,ar lorg suaimhnis di féin.

15 Déanfaidh an nathair a nead inti agus béarfaidh a cuid uibheacha;is inti a rachaidh sí ar gor agus a ligfidh amach a hál;is inti fós a bhaileoidh na seabhaic le chéile,

16 Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí;oiread agus ceann amháin níl in easnamh!Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é,agus a spioradsan a thug le chéile iad,gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis.

17 Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige,is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú.Beidh seilbh acu uirthi go deo,beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.