Íseáia 61 ABN

Gairm an Fháidh

1 Tá spiorad an Tiarna Dia ormde bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan,chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile,chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite,chun cead a gcos a fhógairt do na cimíagus fuascailt do phríosúnaigh;

2 chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna,agus lá díoltais dár nDia;chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin

3 agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh,ola na lúcháire in ionad éide an bhróin,moladh in ionad éadóchais.Goirfear dóibh Crainn na Córa,a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.

4 Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa,beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama;deiseoidh siad na cathracha creachtaagus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.

5 Beidh eachtrannaigh ag buachailleacht bhur dtréada daoibh,agus coimhthígh ag saothrú bhur dtalaimh agus bhur bhfíniúna.

6 Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarnaagus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé.Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamhagus a maoin ar fad faoi réir agaibh.

7 Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náireagus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann,gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féinagus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.

8 Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceartagus is gráin liom slad agus éagóir.Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis,agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.

9 Beidh cáil ar a sliocht os comhair na gciníochaagus ar shliocht a sleachta i measc na náisiún.Admhóidh gach aon dá bhfeiceann iad gur cine iadatá beannaithe ag an Tiarna.

10 “Gáirim le gairdeas sa Tiarna,tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia.Óir chuir sé an slánú umam ina éadach,rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta,ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phóstanó brídeach á maisiú féin lena seoda.

11 Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair,ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur,is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamharfíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”